arts council of Northern Ireland Logo
 

Find in the title only

Home »
Site Map

Litríocht, teanga, traidisiún:

dearcadh Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann

Irish | Ulster Scots | English

Picture of cover of language brochure

Tosaíocht i Litríocht

(Cuspóir 2 de Chun na Mílaoise: Straitéis do na hEalaíona i dTuaisceart Éireann)

"Le meas a léiriú d'éagsúlacht chultúir trí aitheantas a thabhairt do rólanna na Gaeilge agus Albainis Uladh i dteanga an phobail".

Litríocht agus Teanga

Tá dlúthbhaint idir an litríocht agus an ealaín is coitianta agus is fuinniúla, teanga. Ó tharla gurb í an litríocht an fórsa athnuachana is casta i dteanga, tá ról ar leith i aici i dtaca le foirmeacha eile ealaíne agus gníomhartha ealaíne de - mar shampla, amharclann, ealaíona pobail, ealaíona traidisiúnta. Tá ról ar leith aici fosta le cúrsaí éagsúla cultúir i dTuaisceart Éireann, áit a bhfuil litríocht an Bhéarla i ngleic le agus á saibhriú ag caint fhuinniúil, caint atá ina finné ar thionchair éagsúla na Gaeilge agus Albainis Uladh. Ní féidir teanga a scaradh le héagsúlacht a comhthéacsanna stairiúla agus cultúrtha.

Tá fáilte curtha ag an comhairle Ealaíon roimh an fhás leanúnach in Albainis Uladh agus i nGaeilge. Tá ról Chumann Albainis Uladh agus eagrais Ghaeilge aitheanta ag an comhairle i gcothú na gcodanna seo dár n-oidhreacht agus i dtarrtháil shaothar ár gcuid scríbhneoirí.

Tacaíocht

Is ionann na critéir d'iarratais litríocht an Bhéarla agus do litríocht na Gaeilge agus Albainis Uladh. Is fíor gur líon measartha beag daoine atá ábalta an litríocht seo a léamh agus a scríobh faoi láthair - cé go bhfuil borradh faoi.

Tá scríbhneoireacht na Gaeilge agus Albainis Uladh cothaithe trí:

• cuidiú a thabhairt le foilsiú leabhair agus irisí;

• tacaíocht a thabhairt do Thionscnamh Óige Albainis Uladh;

• an chéad scéim scríbhneoir cónaithe i nGaeilge a bhunú ar an oileán;

• fóirdheontais a thabhairt d’imeachtaí ealaíon Chumann Albainis Uladh;

• tacaíocht a thabhairt d’ionaid ealaíon in Ard Mhacha agus Béal Feirste;

• léamha litríochta le ceol traidisiúnta a chur chun cinn.

Tá polasaí ag an comhairle ar mó a bhéim ar ghníomh ná ar fhreagairt.

Stádas

I dtaca le dearcadh ar theangacha neamhfhorleathana de, tá labhartha ag lucht tacaíochta na dteangacha ar pholasaí comhairle nan Ealain in Albain i dtaobh na Gàidhlig de: mar shampla, tacaíocht fhial a thabhairt do comhairle nan Leabhraichean Gaidhil agus do Phroiseacht Naiseanta nan Ealain. Ó tharla líon difriúil agus lonnú tíreolaíochta difriúil chainteoirí Gaeilge i dTuaisceart Éireann, is fearr tógáil ón bhun aníos, más mian linn (a) scríbhneoireacht den scoth a chothú agus (b) tuigse níos leithne dá traidisiúin shainiúla a chothú. Dá réir sin, tá struchtúr riaracháin agus cinnithe bunaithe a ligeann don comhairle obair i gcomhar le heagraíochtaí ar nós an Iontaobhais ULTACH agus Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich. Lena chois sin, tá curtha le stádas Albainis Uladh anois ó tá sí aitheanta mar theanga na nAlbanach in Ulaidh ag Coiste an Ríocht Aontaithe de Bhiúró Eorpach na dTeangacha Neamhfhorleathana. Tá Albainis Uladh ar comhchéim measa le mionteangacha eile an Aontais Eorpaigh.

Malartú

Cúis amháin atá leis an spéis nua i dteangacha neamhfhorleathana fríd an oileán ná an t-aitheantas aibí d'idirspleáchas na dtraidisiún litríochta. Ní léir do scríbhneoirí go bhfuil a ndomhain litríochta féin scartha lena chéile ó cheart. Tá sé dúilmhear, mar sin, nár chóir deighilt a dhéanamh idir dinimic chruthaíoch agus chriticiúil na litríochta trí chéile. Ba chóir go spreagfaí gach modh a d'fhorbródh an t-idirspleáchas, mar shampla, trí chomhléamha.

Comhaontú Aoine an Chéasta

Fógraítear i gComhaontú Aoine an Chéasta go n-aithníonn "na rannpháirithe uile tábhacht na hurraime, na tuisceana agus na caoinfhulaingthe i ndáil le héagsúlacht teanga, ar a n-áirítear i dTuaisceart Éireann, an Ghaeilge, Albainis Uladh agus teangacha na bpobal eitneach éagsúil, ar cuid de shaibhreas cultúrtha oileán na hÉireann iad uile".

Traidisiún

Is oidhreacht choitianta iad na healaíona traidisiúnta i dTuaisceart Éireann. Léiríonn siad iltionchair - Gaelach, Albanach, Sasanach agus níos faide i gcéin, Eorpach agus Meiriceánach.

I measc na n-ealaíon traidisiúnta tá:

• amhránaíocht i nGaeilge, Béarla, Béarla na hÉireann agus Albainis Uladh;

• scéalaíocht sna meáin seo;

• ceol ina bhfuil traidisiúin Ghaelacha, Albanacha agus Shasanacha;

• damhsa, bíodh sé Gaelach, Albanach nó tarraingthe as foinsí eile.

Lena chois sin, tá moll ollmhór éagruthach de ghnás pobail agus de chreideamh ann. Ní le haon aicme amháin den phobal na healaíona traidisiúnta. Is mó gur teacht le chéile de stórtha agus de thréithe stíleacha ar na hoileáin seo iad. Go stairiúil, chleacht gach aon duine iad agus bhain gach aon duine sult astu.